Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 11:17-28 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Uime sin má thug Día dhóibhsion an tiodhlacadh céudna thug sé dhúinne, an tan do chreideamar sa Ttighearna Iósa Críosd; cía hé misi, do fhéudfadh toirmeasg do chur ar Dhía?

18. Agus ar gclós na neitheannsa dhóibhsion, do thochdadar, agus tugadar glóir do Dhía, ag rádh, Uime sin thug Día aithrighe do na Cineadhachaibh fós chum beatha.

19. Tuilleadh eile an dream do bhí ar na sgaradh trés an mbuáidhirt do éiridh ar son Steapháin do shiubhladar go Phenícia, agus go Cíprus, agus go Hantíochía, gan an bhriathar do labhairt ré héinneach achd ris na Iúdaighibh amháin.

20. Agus do bhádar cuid dhíobh ó Chíprus agus ó Chiréne, noch ar ndul a steach dhóibh go Hantíochoa, do labhair ris na Gréugachaibh, agus do shéanmóir an Tighearna Iósa.

21. Agus do bhí lámh an Tighearna maill ríu: agus do chreid úibhir mhór, agus dfilleadar chum an Tighearna.

22. Agus táinic na sgéulasa go clúasaibh na heagluise do bhí a Niarusalém: agus do chuireadar Barnabas uatha, go Hantíochia.

23. Agus ar dteachd dhó, agus ar bhfaicsin ghrása Dé, do ghabh gáirdeachus é, agus do theaguisg sé íad uile, fá anmhuin a bhfochair an Tighearna ré rún croidhe.

24. Oír do bhí sé na dhuine mhaith, agus lán don Spiorad Náomh agus do chreideamh: agus do chuireadh ris an Dtighearna buidhean mhór.

25. Do imthigh Barnabas an tan sin go Tarsus, díarraidh Sháuil:

26. Agus ar na fhaghail do, rug sé ris é go Hantíochia. Agus tárlá, go rabhadar ag gnáthughadh a cheil feadh blíadhna sa neagluís, agus gur teaguisgeadh léo iomad do dhaoinibh, ionnus gur ab a Nantíochia do goireadh ar tus Críosduighthe do na deiscioblaibh.

27. Agus ann sna láethibh sin tangadar fáidhe ó Iérusalém go Hantíochia.

28. Agus ar néirghe súas do neach aca dar bhainm Agabus, dfoillsigh sé trés an spiorad go mbíadh gorta mhór feadh na talmhan uile: noch thárla mar an gcéudna a láethibh Chláudius Séasar.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 11