Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 11:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do chúaladar na habsdail agus na dearbhraithreacha do bhí a ttir Iúdaighe, gur ghabhadar na Cineadhacha mar an gcéudna bríathar Dé chuca.

2. Agus ar ndul do Pheadar súas go Híarusalém, an drung do bhí don timcheallghearradh do bhádar ag connspóid ris,

3. Ag rádh, Do chuáidh tú a sdeach gus an muinntir ar nách ráibh an timcheallghearradh, agus do chaith tú bíadh maráon ríu.

4. Agus ar dtionnsgnamh do Pheadar, dfoillsigh sé án tiomlán a nordúghadh dhóibh, ag rádh,

5. Do bhí mé a gcathair Ioppá déunamh úrnaighe: agus do chonnairc mé an táidhbhsesi a néull, Soitheach áirighe ag teachd a núas, amháil bhraitlin mhóir, do ligeadh a núas ó neamh ar a cheithre bheannaibh; agus táinic sé chugam:

6. Ar bhféachain damh go géar air, tug mé dom aire, agus do chonnairc mé beathaidh cheathairchosach na talmhan, agus beathaidh allta, agus na píasda, shnámhus an talamh, agus éunlaith a naiéir.

7. Agus do chúalaidh mé gúth ag rádh riom, Eiridh, a Pheadair; marbh agus ith.

8. Achd a dubhairt misi, Ní headh, a Thighearna: óir ní dheachaidh éain ni coítchean nó neamhghlan am bhéul a steach ríamh.

9. Agus do fhreagair an gúth mé an dara huáir ó neamh, Na neithe do rinne Día glan, ná déunsa neamhghlan íad:

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 11