Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 11:1-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus do chúaladar na habsdail agus na dearbhraithreacha do bhí a ttir Iúdaighe, gur ghabhadar na Cineadhacha mar an gcéudna bríathar Dé chuca.

2. Agus ar ndul do Pheadar súas go Híarusalém, an drung do bhí don timcheallghearradh do bhádar ag connspóid ris,

3. Ag rádh, Do chuáidh tú a sdeach gus an muinntir ar nách ráibh an timcheallghearradh, agus do chaith tú bíadh maráon ríu.

4. Agus ar dtionnsgnamh do Pheadar, dfoillsigh sé án tiomlán a nordúghadh dhóibh, ag rádh,

5. Do bhí mé a gcathair Ioppá déunamh úrnaighe: agus do chonnairc mé an táidhbhsesi a néull, Soitheach áirighe ag teachd a núas, amháil bhraitlin mhóir, do ligeadh a núas ó neamh ar a cheithre bheannaibh; agus táinic sé chugam:

6. Ar bhféachain damh go géar air, tug mé dom aire, agus do chonnairc mé beathaidh cheathairchosach na talmhan, agus beathaidh allta, agus na píasda, shnámhus an talamh, agus éunlaith a naiéir.

7. Agus do chúalaidh mé gúth ag rádh riom, Eiridh, a Pheadair; marbh agus ith.

8. Achd a dubhairt misi, Ní headh, a Thighearna: óir ní dheachaidh éain ni coítchean nó neamhghlan am bhéul a steach ríamh.

9. Agus do fhreagair an gúth mé an dara huáir ó neamh, Na neithe do rinne Día glan, ná déunsa neamhghlan íad:

10. Agus do rinneadh so fo thrí: agus a rís do tógadh súas íad go huilidhe air neamh.

11. Agus, féuch, tangadar tríur fear an tan sin don tigh ann a raibh mé, do cuireadh ó Shéasáréa chugam.

12. Agus a dubhairt an Spiorad ríom dul ríu, gan amharus ar bíth do bheith oram. Agus tangadar na sé dearbhráithreachasa maráon riom, agus do chúamar a steach go tigh a nfir sin:

13. Agus do fhoillsigh sé dhúinn cionnus do chunnairc sé aingeal ann a thigh, na sheasamh agus ag rádh ris, Cuir fir go Ioppa, agus cuir fios ar Shiomón, dar ab comhainm Peadar;

14. Noch láibhéorus bríathra riot, ré a slaineóchar thú féin agus do thigh uile.

15. Agus an tan do thionnsgain mé labhairt, do thuirrling an Spiorad Náomh órtha súd, amhail mar do thuirrling sé óirine ar tús.

16. Do chúimhnigh misi an tan sin ar bhréithir an Tighearna, mar a dubhairt sé, Do bhaisd Eóin lé huisge; achd baisdfighthear sibhsi ris an Spiorad Náomh.

17. Uime sin má thug Día dhóibhsion an tiodhlacadh céudna thug sé dhúinne, an tan do chreideamar sa Ttighearna Iósa Críosd; cía hé misi, do fhéudfadh toirmeasg do chur ar Dhía?

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 11