4. Agus, ar mbeith a bhfochair a dheisciobal, do aithin sé dhíobh gan dul as Iarusalém, achd fuireach ré gealladh a Nathar, noch, ar se, do chúalabhair uáimsi.
5. Oir do bhaisd Eóin go deimhin lé huisge, achd baisdfidhthear sibhse leis an Spiorad Náomh táobh a sdigh don bheagan laitheadhsa.
6. Ar a nadhbharsin ar gcrinníughadh a ccean a cheile dhóibh, dfiáfruigheadar dhe ag rádh, A Thighearna, an ann sa naimsirsi dhéanas tu an ríoghachd aisioc Díosrael?
7. Achd a dubhairt seisean riú, Ní bhéanann ribhsi na haimsearacha náid na seasuir daithne, noch do chuir an Tathair ann a chúmhachduibh féin.
8. Achd geúbthaoi súbhailcighe chugaibh, ón Spiorud Náomh thuirrleóngas óruibh, agus beithi bhar bhíadhnuisibh dhamhsa a Níarusalém, agus a ttír Iúdaighe uile, agus a Samária, agus go soithe leithimeal na talmhan.