Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 1:18-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

18. Uime sin do sholáthair an fearso fearann ré lúach éagcora; agus ar dtuitim dhó a ndiáigh a chinn, do bhris sé ann a lár, agus do sginneadar a inne uile amach.

19. Agus fúaradar aitreabhuigh Ierusalém uile a fhois so; a gcruth go ngoirthear don fhearannsin an a dteanguidhsion, Aceldáma, eadhon, Fearan na fola.

20. Oír atá sgríobhtha a leabhar na Salm, Go raibh a áit chomhnuidhe na fhasach, agus ná háitreabhadh duine ar bith innte. Agus glacadh neach eile a easbogoidheachd.

21. Ar a nadhbharsin is éigin áon don mhuinntirsi do bhí má ráon rinne ar feadh na haimsire uile ann a ndeachaidh an Tighearna Iósa a sdeach agus amach eadruinn,

22. (Ag tosughagh ó bhaisdeadh Eóin, go soithe an lá ann a rugadh súas uáinn é,) go mbíadh sé ar bhfochairne na fhíadhnuisi ar eiséirghesean.

23. Agus dórduigheadar diás, Ióseph dá ngoirthi Barsabas, dar comhainm Iustus, agus Mathhías.

24. Agus ag déanamh urnuighe dhóibh, a dubhradar, As tusa, a Thighearna, aithnidheas croidhthe na nuile dháoine, foillsigh cía don díasa do thogh tú.

25. Do ghlacadh ionuid na miniosdrálachda so agus na habsdaltachda, ó a ndeachuidh Iúdas ar seachrán, ionnus go rachadh sé dhá ionad féin.

26. Ann sin do theilgeadar a ccrannchar; agus do thuit an crannchar ar Mhatthías, agus do thoghadh é go háontadhach a bhfochair a néineasbal dég.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 1