Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Gníomhartha 1:10-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Agus an féadh do bhádar ag féachuín go gér air neamh agus eisean ag imtheachd, feuch, do sheasadar días fear a neadach geal láimh ríu;

11. Noch a dubhairt fós, A dháoine ón Ghalilé, créd fá seastháoi ag féachuin air neamh? an Tíosaso, atá ar na thogbháil úaibh air neamh, is amhluidh thiocfas sé mar do chunncabhair é ag imtheachd air neamh.

12. Ann sin dfilleadar go Híarusalém ón tslíabh ré a nabarthar slíabh na Noluidheadh, noch atá láimh lé Híarusalém asdar sabbóide.

13. Agus ar a nimtheachd a sdeach, do chúadar súas a seomra úachdarach, mar ar fhan Peadar, agus Séumus, agus Eóin, agus Aindrias, Philip, agus Tomás, Bartoloméus, agus Matha, Séumus mhac Alphéi agus Síomón Selótes, agus Iudás dearbhrathair Shéumuis.

14. Do chomhuigheadar so uile lé héantoil amháin a nurnuighe, agus a nguidhe, maille ris na mnáibh, agus lé Muire mathair Iósa, agus lé na bhráithreachuibh.

15. Agus ann sna láethibhsin ar neirghe do Pheadar a lár na ndeisciobal, a dubhairt sé, (agus do bhí a núimhir anmann do bhí ar an láthaírsin a dtimcheall chéud agus fitliche,)

16. A dhaoine agus a bhráithreacha, dob éigin an sgrioptúrso a choimhliónadh, noch do réamhrádh an Spíorad Náomh tré bhéul Dhaibhí a dtimcheall Iúdais, noch do bhí na éoluighe ag an muinntir do ghabh Iósa.

Léigh chaibidil críochnaithe Gníomhartha 1