Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 6:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A dhearbhraithre, má ghreamuighthear neach a gcóir ar bith go hobann, tuguidhse a dhream spioradálta, a shamhuil sin do dhuine ar a ais ré sbiorad ceannsachda; ag tabhairt aire leachd féin a dhuine, nach ccuirfidhe cáthughadh ortsa mar an gcéudha.

2. Iomchruidh úaluidhe a chéile, agus mar sin coimhlíonfuidh réachd Chríosd.

3. Oír dá sáoilidh éunduine é féin do bheith éifeachdach, ar mbeith dhó gan éifeachd, atá sé meallta ann a inntinn féin.

4. Achd déunadh gach áon a obair féin dearbhtha, agus mar sin biáidh adhbhar gáirdeachais aige dhá tháobh féin amháin, agus ní do tháobh dhuine eile.

5. Oír iomchoruidh gach áon a úalach féin.

6. Tugadh an tí theaguisgthear sa mbréithir don tí theaguisgeas é roinn dá uile mhaitheasuibh.

7. Ná mealltar sibh; ní ghabhann Día sgige chuige: oír gidh bé ní shiolchuireas neach, a sé an ní céudna bheanfas sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 6