Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 4:5-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Chum na druinge do bhí fáoi an reáchd dfúasgladh dhó, ionnus go bhfuighemísne ait cloinne.

6. Agus do bhrígh go bhfuiltí bhur gcloinn, do chuir Día úadh ann bhur gcroidhthubh Spiorad a Mhic féin, ghoireas, Abbá, Athair.

7. Uime sin ní searbhfoghantuidhe thú feasda, achd mac; agus más mac, is oighre thú mar an gcéudna do Dhía tré Chríosd.

8. Achd an tan sin ar mbeith dháoibh gan eólas Dé aguibh, do bhíodh sibh ag seirbhís do na déeibh, nach bhfuil na ndéeibh ó naduir.

9. Achd a nois, ó átá eólas Dé aguibh, nó fós eólas Dé oruibh, cionnas fhilleas sibh a rís ar na céudthosuíghibh eugcruáidhe uireasbhacha, dár mían rubh bheith a rís fá dháoirse?

10. Bí coimhéud aguibh ar laethibh, agus ar mhíosuibh, agus ar aimsearuibh, agus ar bhlíadhanuibh.

11. Atá eagle oram bhur dtimcheall, gur go diomháoin do thuirsigheas mé féin ribh.

12. Iarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, bíghidh mar misi, do bhrígh go bhfuilimse mar sibhse: ní dhearnabhair éugcoir ar bith oram.

13. Agus atá a fhios aguibh gur tré éugcrúas na feóla do sheanmóir mé dháoibh an soisgéul ar tús.

14. Agus ní raibh tarcuisne ná grain aguibh air mo chathughadhsa um fheóil; achd do ghabhabhair chuguibh mé mar aingeal Dé, nó fós mar Iósa Críosd.

15. Uime sin créd í an cháill shonuis do bhí oruibh? óir do ním dfíadhnuíse dháoibh, go mbeanfadh sibh da madh éidir é, bhur súile féin amach, re na dtabhairt damhsa.

16. Ar a nadhbharsin an bhfuilim um námhuid aguibh, fán bhfírinne dinnisin díbh?

17. Ní ré máith, atá teasghrádh acadhsan dáoibh, achd bá mían riu sinne do chur amach uáibhse; ionnus go mbíadh teasghrádh aguibhsi dhóibh féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 4