Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 4:25-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Oír as ionann Agar agus Sína, slíabh sa Narábia, agus as cosmhuil í ris a Niarusalém atá a nois ann, agus atá sí fá dháoirse maille ré na cloinn.

26. Achd ata an Tiarusalém atá shúas sáor, noch as máthaír dhúinne uile.

27. Oír atá sgríobhtha, Biodh gairdeachas ort a bhean aimrid nách beireann clan; réub amach agus éigh, a bhean nach bhfuil ré níodhnuibh: óir is liá clann na mná tréigthe ná na mná agá bhfuil fear.

28. Uime sin, a dhearbhraithre, is sinne clann na geallamhna, do réir Isaac.

29. Achd amhuil do bhí a nuáirsin an tí rughadh di réir na feóla ag gérleanmhuin ar an tí rughadh do réir na Shioruide, is mar sin atá a nois mar an gcéudna.

30. Gidheadh créd adeir an sgriobtúir? Teilg amach a ninnilt agus a mac: óir ní bhíaidh mac na hinnilte na oighre máráon ré mac na mná sáoire.

31. Go deimhin, a dhearbhráithre, ní clan don innilt sinne, achd don mhnáoi sháoir.

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 4