12. Iarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, bíghidh mar misi, do bhrígh go bhfuilimse mar sibhse: ní dhearnabhair éugcoir ar bith oram.
13. Agus atá a fhios aguibh gur tré éugcrúas na feóla do sheanmóir mé dháoibh an soisgéul ar tús.
14. Agus ní raibh tarcuisne ná grain aguibh air mo chathughadhsa um fheóil; achd do ghabhabhair chuguibh mé mar aingeal Dé, nó fós mar Iósa Críosd.
15. Uime sin créd í an cháill shonuis do bhí oruibh? óir do ním dfíadhnuíse dháoibh, go mbeanfadh sibh da madh éidir é, bhur súile féin amach, re na dtabhairt damhsa.
16. Ar a nadhbharsin an bhfuilim um námhuid aguibh, fán bhfírinne dinnisin díbh?