Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 4:10-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Bí coimhéud aguibh ar laethibh, agus ar mhíosuibh, agus ar aimsearuibh, agus ar bhlíadhanuibh.

11. Atá eagle oram bhur dtimcheall, gur go diomháoin do thuirsigheas mé féin ribh.

12. Iarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithre, bíghidh mar misi, do bhrígh go bhfuilimse mar sibhse: ní dhearnabhair éugcoir ar bith oram.

13. Agus atá a fhios aguibh gur tré éugcrúas na feóla do sheanmóir mé dháoibh an soisgéul ar tús.

14. Agus ní raibh tarcuisne ná grain aguibh air mo chathughadhsa um fheóil; achd do ghabhabhair chuguibh mé mar aingeal Dé, nó fós mar Iósa Críosd.

15. Uime sin créd í an cháill shonuis do bhí oruibh? óir do ním dfíadhnuíse dháoibh, go mbeanfadh sibh da madh éidir é, bhur súile féin amach, re na dtabhairt damhsa.

16. Ar a nadhbharsin an bhfuilim um námhuid aguibh, fán bhfírinne dinnisin díbh?

17. Ní ré máith, atá teasghrádh acadhsan dáoibh, achd bá mían riu sinne do chur amach uáibhse; ionnus go mbíadh teasghrádh aguibhsi dhóibh féin.

18. Achd as maith an teasghrádh ré bheith go siorruidhe a ní mhaith, agus ní hé amháin an tan bhímse bhur lathair.

19. A chlann bheag, agá bhfuilim a rís ré niodhnuibh bhur dtimcheall nó go ndealbhthar Críosd ionnuibh,

20. Agus do bfearr leam go mbéinn bhur láthair a nois, chum mo ghótha dáthrughadh; óir atáim amharnsach orúibh.

21. Innisigh dhamh, a dhream lér mían bheith fáoi an reachd, an gcluin sibh an reachd?

22. Oír áta sgríobhtha, go rabhadar días mac ag Abraham, mac aca ré hinnilt, agus mac eile ré mnáoi sháoir.

23. Agus an mac do bhí ris a ninnilt as do reir na feóla rugadh é; achd an mac do bhí ris an mnáoi sháoir as do bhrígh na geallamhna rugadh é.

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 4