Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 4:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Gidheadh a deirim, Ar feadh bhíos an tóighre na leanbh, nach bhfuil dithfir ar bithe eidir é agus shearbhfhoghantuidhe, bíodh go bhfuil na thighearna ós cionn gach neithe;

2. Achd bí fáoi luchd a choimhéuda, agus fán luchd ar a mbí a chúram, go teachd na haimsire do órduigh an tathair.

3. As mar an gcéudna sinne, an tan do bhámar ar leanbuibh, do bhámar a ndáoirse fáoi cheadthosuighibh an tsáoghail:

4. Achd ar gcoimhlíonadh na haimsire, do chuir Día a Mhac féin úadh, do gineadh ó mhnáoi, agus do gineadh fáoi an réachd,

5. Chum na druinge do bhí fáoi an reáchd dfúasgladh dhó, ionnus go bhfuighemísne ait cloinne.

6. Agus do bhrígh go bhfuiltí bhur gcloinn, do chuir Día úadh ann bhur gcroidhthubh Spiorad a Mhic féin, ghoireas, Abbá, Athair.

7. Uime sin ní searbhfoghantuidhe thú feasda, achd mac; agus más mac, is oighre thú mar an gcéudna do Dhía tré Chríosd.

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 4