Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 3:7-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Uime sin is tuigthe dhaóbh an drung atá don chreideamh, gur ab íad sin clana Abraham.

8. Oír ar na fhaicsin roimhe don sgriobtúir, go sáorfadh Día na cineadhacha tré chreideamh, do shoisgéil sé roimhe láimh Dábraham, ag rádh, Biáidh na huile chineadhacha ar na mbeannughadh ionnadsa.

9. Uimé sin an dream áta don chreideamh atáid síad beannuighthe maille ré Hábraham deaghchreidmheach.

10. Oir an mhéid atá do tháobh oibrightheadh an reachda atáid síad fáoi an mallachd: oír atá sgríobhtha, As malluighe gach áon nach ccomhnuigheann sna huile neithibh atá sgríobhtha a leabhar an reachd chum a ndéunta.

11. Agus as ní follas nach sáorthar éunduine trés an reachd a bhfíadnuisi De, óir, As tré chreideamh mhairfeas an firéun.

12. Gidheadh ní ón chreideamh atá an reachd: achd, An tí dhéunas íad mairfidh sé thriothadh.

13. Achd dfúasguil Críosd sinne ó mhallachd air ar son: óir atá sgríobhtha, As malluighe gach áon chrochdar a gcrann:

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 3