16. Máseadh is Dábhraham agus dá shíol tugadh na geallamhnacha. Ní abair sé, Agus do na síoltuibh, mar do bhíadh sé ag labhairt ar mhórán; achd mar do laibheóradh sé ar áon ag rádh, Agus dod shiolsa, agar ab é Críosd é.
17. Agus a deirim so, nách ccuireann an reachd, noch do thosuigh a gcionn cheithre gcéud agus deich mblíadhan bhfithchead na dhiaigh, an connradh do dhaingnigheadh roimhe, ré Día a dtáobh Chríosd, a neimbrígh, ionnas go gcuirfeadh sé an gheallamhuin ar gcúl.
18. Oír más ón reachd thigh a nóighreachd, ní thig sí feasda ón ngeallamhuin: achd tug Diá í go sáor Dábraham tré ghealladh.
19. Uime sin créud é an reachd? Is uime do hórduigheadh é ar son sáruighthe na naitheantadh, go teachd don tsíol dá ndearnadh an gealladh; ar na órdughadh ris na hainglibh tré láimh eidirmheadhontóra.
20. Achd an teidirmheadhantóir ní ré haon é, achd is aon é Día.
21. Uime sin an bhfuil an réachd a nadhuigh gheallamhnacha De? a bhfas uainn sin do rádh: oír da mbeith reachd ar na thabhairt lér bhféidir béatha do thabhairt úadha, go deimhin ís trés an reachd do thiucfadh fíréuntachd.