Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 3:13-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Achd dfúasguil Críosd sinne ó mhallachd air ar son: óir atá sgríobhtha, As malluighe gach áon chrochdar a gcrann:

14. Ionnus go dtiucfadh beannachdadh Abraham chum na Gcineadhach a Niósa Críosd; chum sinne dfagháil geallamhna na Spioruide tré chreideamh.

15. A dhearbhráithre, is do réir nóis daónna labhruim; Bíodh nach biadh ann achd connradh duine, ar mbeith dhó daingnighthe, ní chuiréann éinneach ar gcúl é, agus ní curthar tuilleadh ar bith leis.

16. Máseadh is Dábhraham agus dá shíol tugadh na geallamhnacha. Ní abair sé, Agus do na síoltuibh, mar do bhíadh sé ag labhairt ar mhórán; achd mar do laibheóradh sé ar áon ag rádh, Agus dod shiolsa, agar ab é Críosd é.

17. Agus a deirim so, nách ccuireann an reachd, noch do thosuigh a gcionn cheithre gcéud agus deich mblíadhan bhfithchead na dhiaigh, an connradh do dhaingnigheadh roimhe, ré Día a dtáobh Chríosd, a neimbrígh, ionnas go gcuirfeadh sé an gheallamhuin ar gcúl.

18. Oír más ón reachd thigh a nóighreachd, ní thig sí feasda ón ngeallamhuin: achd tug Diá í go sáor Dábraham tré ghealladh.

19. Uime sin créud é an reachd? Is uime do hórduigheadh é ar son sáruighthe na naitheantadh, go teachd don tsíol dá ndearnadh an gealladh; ar na órdughadh ris na hainglibh tré láimh eidirmheadhontóra.

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 3