Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 3:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. O A Ghalatíanacha gan chéill, cía rinne piseóga dhaóibh, as nách géillfeadh sibh don fhírinne, agar thaisbéunadh Iósa Críosd daóibh roimhe so a bhfiadhnuisi bhur súl, ar na chéusadh bhur measg?

2. Bá mían ríom so amháin dfoghluim uáibh, An ó oibrighthibh an reachda fúarabhair an Spiorud, ná ó éisdeach an chreidimh?

3. An bhfuiltí coimhmíchéillid hesin? ar dtosughadh dhaóibh sa Spioruid, go mádh mían ribh a nois bhur gcríochnughadh sa bhfeóil?

4. An go diomhaóin dfuiling sibh a noirid sin do neithibh? achd fós más diomhaóin.

5. Uime sin an tí do bheir an Sbiorad go fairsing dhaóibh, agus oibrigheas súbhailcighe míorbhuileacha ionnuibh, an tré oibrighthigh an reachda, nó tré éideachd a chreidimh do bheir sé íad?

6. Amhuil do chreid Abraham do Dhía, agus do measadh dhó é mar fhiréantachd.

7. Uime sin is tuigthe dhaóbh an drung atá don chreideamh, gur ab íad sin clana Abraham.

8. Oír ar na fhaicsin roimhe don sgriobtúir, go sáorfadh Día na cineadhacha tré chreideamh, do shoisgéil sé roimhe láimh Dábraham, ag rádh, Biáidh na huile chineadhacha ar na mbeannughadh ionnadsa.

9. Uimé sin an dream áta don chreideamh atáid síad beannuighthe maille ré Hábraham deaghchreidmheach.

10. Oir an mhéid atá do tháobh oibrightheadh an reachda atáid síad fáoi an mallachd: oír atá sgríobhtha, As malluighe gach áon nach ccomhnuigheann sna huile neithibh atá sgríobhtha a leabhar an reachd chum a ndéunta.

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 3