Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 1:6-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. As iongnadh leam bheith ar niompógh dhibh comhlúath sin chum soisgéil eile ón tí do ghoir sibh chum grás Chríosd:

7. Ag nách soisgéul eile é; achd amháin go bhfuil dream áirighe dá bhur mbuáidhreadh, agus lér mían soisgél Chríosd do chur neimbrígh.

8. Achd boidh go ndéanamáoisne, no aingeal ó neamh, soisgéul eile do sheanmóir dháoibh tar an tsoisgéul do rinneamar do sheanmóir dháoibh cheana, bíodh sé malluighe.

9. Amhuil a dubhramar roimhe, a deirim a nois a rís mar an gcéudna, Cía bé dhéanas soisgéul do sheanmóir dháoibh leith amuígh dhe súd do ghabhabhair chuguibh, bíodh sé malluighthe.

10. Oír a nois an íad dáoine, nó a né Día theaguisgim? nó a ní toil na ndáoine íarruim a dhéunamh? go deimhin dá mbéinn gus a nois ag déunamh toil na ndáoine, ní bhéinn um shearbhfhoghantuidhe ag Críosd.

11. Agus do bheirim a fhios dhíbh, a dhearbhráithre, an soisgéil do seanmóradh leamsa nách do réir dhuine atá sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 1