Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Galatiánach 1:11-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Agus do bheirim a fhios dhíbh, a dhearbhráithre, an soisgéil do seanmóradh leamsa nách do réir dhuine atá sé.

12. Oír ní ó dhuine fúair mé é, ná do theaguisgeadh mé, achd tré thaisbéaunadh Iósa Críosd.

13. Oír sho chúalabhair mo choinbhearsáid a nallód a gcreideamh na Niúduigheadh, eadhon go raibh mé ag gérleanmhuin eagluisi Dé tar mhógh, agus dá sgrios.

14. Agus gur mó tháinic mé ar madhuigh a gcreideamh na Niuduigheadh ná morán dom mhaca samhla a measg mo chinidh, ar mbeith dhamh ní as dúthrachduighe ag leanmhuin luirg mo shinnsear.

15. Gidheadh an tan do thoguir Día, (noch do chuir air leith mé ó bhruinn mo mháthar, agus do ghoir mé tré na ghrás,)

16. A mhac féin dfoillsiughadh ionnam, ionnus go mbéinn dá sheanmóir a measg na gcineadhach; air a nuáirsin ní deárna mé cómhairle ré fuil agus re féoil:

17. Agus níor fhill mé go Hiarusalem chum na druinge do bhí na napsdaluibh rómham; achd do imthigh mé go Harábia, agus tainic mé ar mais arís go Damascus.

18. Na dhiáigh sin a gcionn thrí mblíadhan do fhill mé go Híarúsalém dfeucháin Pheadair: agus dfan mé na fhochair cúig lá dhéug.

19. Agus ní fhaca mé neach ar bith eile do na hapsdaluibh, achd amháin Séumus dearbhráthair an Tighearna.

20. Agus sna neithibh sgriobhuim chuguibh, féuch, tógbhuim Día dfíadhnuisi, nách bréug do ním.

21. Na dhiáigh sin tháinic mé go críochaibh na Síria agus Cilícia:

22. Agus ní raibh eólas oram do réir mfaicsiona ag eagluísibh thíre Iúdaighe noch do bhí a Gcríosd;

Léigh chaibidil críochnaithe Galatiánach 1