1. Pol, absdal, (ní ó dháoinibh, ná tré dhuine, achd tré Iósa Críosd, agus tré Dhía an Tathaír, noch do thóg súas é ó mharbhuibh;)
2. Agus na dearbhráithreacha uile atá maille riom, chum eagluiseadh na Galátia:
3. Grása maille ribh agus síothcháin ó Dhía Athar, agus ó ar Dtíghearna Iósa Chríosd,
4. Tug é féin ar son ar bpeacuighne, chum ar sáortha ón drochsháoghalsa do láthair, do réir dheághthoile Dé eádhon ar Nathaírne:
5. Agá bhfuil glóír go sáoghal na sáoghal Amén.
6. As iongnadh leam bheith ar niompógh dhibh comhlúath sin chum soisgéil eile ón tí do ghoir sibh chum grás Chríosd:
7. Ag nách soisgéul eile é; achd amháin go bhfuil dream áirighe dá bhur mbuáidhreadh, agus lér mían soisgél Chríosd do chur neimbrígh.
8. Achd boidh go ndéanamáoisne, no aingeal ó neamh, soisgéul eile do sheanmóir dháoibh tar an tsoisgéul do rinneamar do sheanmóir dháoibh cheana, bíodh sé malluighe.
9. Amhuil a dubhramar roimhe, a deirim a nois a rís mar an gcéudna, Cía bé dhéanas soisgéul do sheanmóir dháoibh leith amuígh dhe súd do ghabhabhair chuguibh, bíodh sé malluighthe.