Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 7:6-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Uime sin a dubhairt Iósa riú, Ní thaínig maimsirse fós: achd atá bhur naimsirse do ghnáth ullamh.

7. Ní héidir leis a tsáoghal sibhsi dfúathughadh; achd atá fúath aige dhamhsa, do bhrígh go ndéunuim fíadhnuisi air, gur ab olc a oibreacha.

8. Imthighidhsi súas chum na sollamnaso: ní racha misi súas fós chum na sollamnaso: oír niór coimhliónadh maimsir fós.

9. An tan a dubhairt sé na neitheso riú, dfan sé ann sa Ghalilé.

10. Achd tar éis a bhráithreach imtheachd suás, do chúaidh seisean mar an gcéadna suás chum na sollamna, ní ós áird, achd mar dhe ós iseal.

11. Ar a nadhbharsin diárradar na Iúdaidhe é sa tsollamain, agus a dubhradar, Gá hait a bhfuil an fear úd?

12. Agus do bhí monabhar mór a measg an phobuil na thimcheallsan: oír a dubhairt cuid díobh, As duine maith é: achd a dubhairt cuid eile, Ní headh; achd mealluidh sé an pobal.

13. Gidheadh ní tháinig áonduine thairis ós aírd ar eagla na Niúdaidheadh.

14. Achd tár éis leatha na sollamna do chríochnughadh do chúaidh Iósa súas don teampoll, agus do theaguisg sé.

15. Agus do bhí iongnadh air na Iúdaidhibh, ag rádh, Cionnas as aithnidh don fhearsa léighionn, agus nar fhoghluim sé?

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 7