Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 7:22-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

22. Ar a nadhbharso tug Máoisi an timcheallghearradh dhíbhsi; (ní ar son gur ab ó Mháoisi atá sé, achd ó na haithribh;) agus do níthí duine do thimcheallghearradh ann sa tsábboid.

23. Má ghlacunn duine timcheallghearradh annsa tsábboid, do chum nach brisfidhe dligheadh Mháoisi; an bhfuil fearg oruibh riumsa, ar son duine uile do shlánughadh ann sa tsábboid?

24. Ná beirídh breath do réir na faicsiona, achd beiridh an bhreath cheart.

25. Uime sin a dubhradar dream aíríghe ó Ierusalém, A né nach é so an te, iárruid siad chum a mharbhtha?

26. Agus, féuch, lábhruidh sé ós aírd, agus ní abruid éin ní ris. An bhfuil a dheirbhfios ag na buáchdaránuibh gur ab é so Críosd?

27. Achd atá a fhios aguinne gá has dó so: gidheadh an tan thiocfas Críosh, ní bhía a fhios ag áonduine gá has dó.

28. Uime sin do éigh Iósa ann sa teampoll ag teagasg, agus ag rádh, Atá a fhios aguibh cia misi, agus atá a fhios aguibh gá has damh: agus ní úaim féin táinig mé, achd as firinneach an té do chuir uádh mé, ar nach bhfuil éolus aguibhsi.

29. Achd atá éolus agamsa air: oir as úadh ataim, agus as é do chuir úadh mé.

30. Ar a nadhbharsin do shanntuigheadar breith air: gidheadh níor chuir éunduine lámh ann, do bhrígh nach dtaínig a uáir fós.

31. Agus do chreideadar mórán don phobal ann, agus a dubhradar, An tan thiocfas Críosd, an ndéana sé ní sa mhó do mhíorbhuilibh ná do rinne an fear so?

32. Do chúaladar na Phairisínigh an pobal ag monbhar na neitheadhso na thimscheallsan; agus do chuireadar na Phairisínigh gus uáchdarain na sagart máoir dhá ghlacadh.

33. Uime sin a dubhairt Iósa riú, Bíaidh mé fós sealad beag bhur bhfochair, agus na dhiáigh sin imthéocha mé chum an té do chuir uádh mé.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 7