33. Oír as é arán Dé an té do thuirling ó neamh, agus do bheir beatha do domhan.
34. Ar a nadhbharsin a dubhradar ris, A Thighearna, Tabhuir dhúinne an taránso a gcomhnuidhe.
35. Agus a dubhairt Iósa riú, Is misi arán na beatha: an té thig chugamsa ni bhía ocras go bráth air; agus an té chreideas ionnam ní bhía tart go bráth air.
36. Achd a dubhairt mé ribh, Do chunncabhair mé fós, agus ní chreidtí.
37. Gach ní bheir an Tathair dhamh tiocfaidh sé chugam; agus an té thig chugam ní theilgfe mé amach é.
38. Oír do thuirrling mé ó neamh, ní do chum go ndéanainn mo thoil féin, achd toil an té do chuir uádh mé.