Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 5:9-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus do rinneadh an duine sin slán do lathair, agus do thóg sé a leabuidh, agus do shiobhail sé: agus do bhí an tsábhoíd ann an lá sin.

10. Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iúduidhe ris an té do slánughadh, As é an tsabbóid é: ní dlightheach dhuit do leabuidh iomchar.

11. Do fhreafair seision dóibh, An té do rinne slán mé, as é a dubhairt rium, Tóg do leabhaídh, agus siobhail?

12. Ar a nadhbharsin dfíafruigheadar dhé, Cía hé an duine a dubhairt riot, Tóg do leabhaídh, agus siobhail?

13. Achd ní raibh a fhios ag an té do shlánughadh cía hé: óir do chuáidh Iósa a leathtáoibh, air mbeith do mhórán ann sa náitsin.

14. Fuáir Iósa é na dhíagh sin ann sa teampoll, agus a dubhairt sé ris, Féuch, do rinneadh slan thú: na peacuigh ní sa mhó, deagla go dteigéumhadh ní budh measa dhuit.

15. Do imthigh seisean, agus do fhoillsigh sé do na Iúdaídhibh gur bé Iósa, an té do rínne slán é.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 5