36. Achd atá fíadhnuisi agamsa as mó ná Eóin: oír na hoibreacha thug an Tathair dhamhsa ionnus go gcríochnóchuinn iád, na hoibreacha sin do nímse, beirid said fíadhnuisi leam, gur ab é an Tathair do chuir úadh mé.
37. Agus an Tathair féin, do chuir úadh mé, rug sé fíadhnuisi leam. Agus ní chúalabhairse a ghútha ríamh, agus ní fhacabhair a ghné.
38. Agus ní bhfuil a bhríatharsan na chomhnuighe íonnuibh: oír ní chreidthi, don té do chuir seision úadh.
39. Cúartuighidh na sgriobtuiridhe; oír do cithear dháoibh fein gur ab ionnta gheibhthí an bheatha mharrthanach: agus as iad sin bheireas fiadhnuisi leamsa.
40. Agus ní háill libh teach chugam, do chum go bhfuigheadh sibh an bheatha.
41. Ní ghabhaimse glóir ó dháoinibh.
42. Achd atá éolus agam oruibhse, nach bhfuil grádh Dé ionnuibh.
43. Thaínig misi a nainm Mathar, agus ní ghlactháoise mé: má thig neach eile ann ainm féin, géubhtháoi chugaibh é.
44. Cionnas as eídir libhsi creideamh, an tan ghabhtháoi glóir ó a chéile, agus nach iárrtháoi an glóir thig ó Dhía na áonar?
45. Ná measuigh go ndéana misi casáoid oruibh ag an Athair: atá neach do ní casáoid oruibh, eadhon Máosi, ann a gcuirtháoisi bhur ndóchus.
46. Oir dá gcreideadh sibh do Mháoisi, do chreidfeadh sibh dhamhsa: óir do sgríobh seision oramsa.
47. Achd muna ccreidtí dhá sgribheannuibh súd, cionnus chreidfidhe dom bhriathruibhsi?