26. Oír mar atá beatha ag an Athair ann féin; is mar sin tug sé don Mhac fos beatha do bheith aige ann féin;
27. Agus fós tug se ughdarras do bhreitheamhnus do dhéunamh, an méid gur ab é Mac an duine.
28. Ná bíodh iongnadh aguibh ann so: oír tiocfaidh an uáir, ann gcluinfid an mhéid atá ann sna túamuidhibh a ghuthsan,
29. Agus rachaid amach; an dream do rinne deighghniómhartha, go heiséirghe na beatha; agus an dream do rinne drochghniomhartha, go heiséirghe na damanta.
30. Ni héidir leamsa ní ar bith do dheanamh uáim féin: dó réir mar chluinim, beirim breath: agus atá mó bhreitheamhnus ceart; oír ní iárruim mo thoil féin, achd toil a Nathar do chuir uádh mé.
31. Ma nímsi fíadhnuisi dhamh féin, ní bhfuil mfíadhnuisi fírinneach.
32. Atá neach eile do ní fíadhnuisi dhamhsa; agus atá a fhios agam gur fírinneach an fhiadhnuisi do ní sé am thimcheall.
33. Do chuireabhuirsi teachdaireadha chum Eóin, agus tug sé fíadhnuisí don fhírinne.
34. Achd ní ó dhuine do gheibhimsi fíadhnuisi: achd a deirim na neither so do chum go slaíneochtháoi sibhsi.
35. Do bhí seisean na lochrann lasárrdha agus sholasda: agus do thrograbhairsi ar feadh tamaill gáirdeachus do dhéunamh ann a sholus.
36. Achd atá fíadhnuisi agamsa as mó ná Eóin: oír na hoibreacha thug an Tathair dhamhsa ionnus go gcríochnóchuinn iád, na hoibreacha sin do nímse, beirid said fíadhnuisi leam, gur ab é an Tathair do chuir úadh mé.