Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 5:14-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Fuáir Iósa é na dhíagh sin ann sa teampoll, agus a dubhairt sé ris, Féuch, do rinneadh slan thú: na peacuigh ní sa mhó, deagla go dteigéumhadh ní budh measa dhuit.

15. Do imthigh seisean, agus do fhoillsigh sé do na Iúdaídhibh gur bé Iósa, an té do rínne slán é.

16. Agus ar a shon so do ghérleanadar na Iúdaidhe Iósa, agus do smúaineadar a mharbhadh, tré go ndearna sé na neithese sa tsábboíd.

17. Agus do fhreagair Iósa dhóibh, Oibrighidh Mathairsi gus anois, agus oibrighimsi.

18. Ar a nadhbharso as móide do smuáineadar na Iúdaidhe eisean do mharbhadh, tré nach é amháin gur bhris sé an tsabboíd, achd go ndubhairt sé fós gur bé Día a Athair féín, dá dhéanamh féin coimh ionann ré Día.

19. Ar a nadhbharsin do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Nach éidir leis an Mac éinní a dhéunamh uádh féin, achd an ní chí sé ag a Nathair dá dhéunamh: oír gidh bé neithe do ní seision, do ní fós an Mac iád mar an gcéadna.

20. Oír grádhuighidh an Tathair an Mac, agus foillsighidh sé na huile neithe do ní sé féin dó: agus taisbeúnfuidh sé oibreacha mó ná iád so dhó, do chum go mbeith iongantus oruibhsi.

21. Oír amhuil mar dhúisgeas, agus mar bheódhaigheas an Tathair na mairbh; as mar an gcéudna bheódhaigheas an Mac an dream as áill leis.

22. Oír ní bheireann an Tathair breath ar dhuine ar bith, achd tug sé gach uile bhreitheamhnus don Mhac:

23. Do chum go nonórfadh gach uile dhuine an Mac, mar onóraid siad an Tathair. An té nach onóruigheann an Mac ní onóruigheann sé an Tathair do chuir uádh é.

24. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.

25. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Tiocfaid a naimsire, agus atá si a nois ann, an tráth chluinfid na mairbh guth Mhic Dé: agus an dream chluinfeas mairfid siad.

26. Oír mar atá beatha ag an Athair ann féin; is mar sin tug sé don Mhac fos beatha do bheith aige ann féin;

27. Agus fós tug se ughdarras do bhreitheamhnus do dhéunamh, an méid gur ab é Mac an duine.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 5