Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 5:1-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Na dhíaigh so do bhí lá féusda na Níuduígheadh; agus do chúaidh Iósa súas go Híarusalém.

2. Agus atá a Níarusalém láimh ré margadh na ccáorách loch, dá ngoirthear an Eabhrais, Betesda, agá bhfuilid cúig calaidh.

3. Do bhádar mórán do dháoinibh eugcrúaidhe na luighe ionnta so, do dhalluibh, do bhacachuibh, agus do luch seirglidhe, do bhí ag fuireach re corrughadh an uísge.

4. Oír do thuirlingheadh aingeal a naimsir áirighe ar an loch, agus do bhuáidhreadh sé an tuisge: ar a nadhbharsin gidh bé cédneach do théigheadh síos ann tar eis bhuáidheartha an uisge do níthi slán é ó gach tinneas dá mbíodh air.

5. Agus do bhí duine áirighe ann sin, do bhí ochd mbládhna déug air fhichid a neasláinte.

6. An tan do chunnairc Iósa é so na luighe, agus do aithin sé go raibh sé tinn ré haimsir fháda, a dubhairt sé ris, An mían leachd do dhéunamh slán?

7. Do fhreagair on teaslán é, A Thighearna, ní bhfuil éinneach agam, do chuirfeadh ann sa loch mé, an tan bhíos an tuisge ar na bhuáidhreadh: achd an gcéin bhimsi ag teachd, téid neach eile síos romham.

8. A dubhairt Iósa ris, Eirigh, tóg do leabuidh, agus siobhail.

9. Agus do rinneadh an duine sin slán do lathair, agus do thóg sé a leabuidh, agus do shiobhail sé: agus do bhí an tsábhoíd ann an lá sin.

10. Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iúduidhe ris an té do slánughadh, As é an tsabbóid é: ní dlightheach dhuit do leabuidh iomchar.

11. Do fhreafair seision dóibh, An té do rinne slán mé, as é a dubhairt rium, Tóg do leabhaídh, agus siobhail?

12. Ar a nadhbharsin dfíafruigheadar dhé, Cía hé an duine a dubhairt riot, Tóg do leabhaídh, agus siobhail?

13. Achd ní raibh a fhios ag an té do shlánughadh cía hé: óir do chuáidh Iósa a leathtáoibh, air mbeith do mhórán ann sa náitsin.

14. Fuáir Iósa é na dhíagh sin ann sa teampoll, agus a dubhairt sé ris, Féuch, do rinneadh slan thú: na peacuigh ní sa mhó, deagla go dteigéumhadh ní budh measa dhuit.

15. Do imthigh seisean, agus do fhoillsigh sé do na Iúdaídhibh gur bé Iósa, an té do rínne slán é.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 5