Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 3:27-36 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

27. Do fhreagair Eóin agus a dubhairt sé, Ní héidir lé duine éinní ghlacadh, muna raibh sé ar na thabhairt dó ó neamh.

28. A tatháoisi féin bhur bhfíadhnuisi agamsa, go ndubhairt mé, Ní misi Criosd, achd gur cuireadh roimhe.

29. An té aga bhfuil an bhean núaphósda as é an fear núaphosda é: achd cara an fhir núaphósda, noch sheasas agus éisdeas ris, gabhuidh gairdeachus mór é tré ghuth an fhir núaphósda: ar a nadhbharsin atá mó gháirdeachusa ar na choimhliónadh.

30. As éigean dosan breisadh, agus damhsa laghdughadh.

31. An té thig a nuás atá sé ós cionn cháich uile: an té atá ón talamh atá sé talmhuidhe, agus labhraidh sé neither talmhuighe: an té thig ó neamh, atá sé ós cionn cháich uile

32. Agus an ní do chunnairc agus do chúalaidh sé, do ní sé so dfiadhnuise; achd ní ghlacan áonduine a fhíadnuisi.

33. An té ghlacus a fhíadhnuisisean do chomharthuigh sé go bhfuil Día fírinneach.

34. Oír an té do chuir Día uádh labhraidh sé bríathra Dé: oír ní do réir mhiosuir bheir Día an Spiorad dó.

35. Atá grádh ag an Athair do Mhac, agus tug sé na huile neithe iona láimh.

36. An té chreideas ann sa Mhac atá an bheatha mharthanach aige: achd an té bhiós easumhal don Mhac, ní fhaicfe sé an bheatha; achd comhnuighidh fearg Dé air.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 3