Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 3:21-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Achd gidh bé do ní an fhirínne thig sé chum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreacha follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunamh.

22. Táinig Iósa agus a dheisciobail na dhiaigh sin go tír Iúdaighe; agus do chomhnuigh sé ann sin maille riú, agus do bhaisd sé.

23. Agus fós do bhaisd Eóin mar an gcéadna ag Aénon láimh ré Sálim, óir do bhi iomad uisge ann sin: agus tangadar, agus do baisdeadh iád.

24. Oír níor teilgeadh Eóin a bpríosun fós.

25. Uime sin do éirigh ceisd eidir cuid do dheisciobluibh Eóin agus na Iúdaidhe a dtimcheall an ghlanta.

26. Agus tangadar chum Eoin, agus a dubhradar ris, A mhaighisdir, an té do bhí ad fhochair ar an dtáoibh thall do Iordán, dá ndearna tú fíadhnuisi, féuch, baisdigh sé, agus tigid na huile dhaoine chuige.

27. Do fhreagair Eóin agus a dubhairt sé, Ní héidir lé duine éinní ghlacadh, muna raibh sé ar na thabhairt dó ó neamh.

28. A tatháoisi féin bhur bhfíadhnuisi agamsa, go ndubhairt mé, Ní misi Criosd, achd gur cuireadh roimhe.

29. An té aga bhfuil an bhean núaphósda as é an fear núaphosda é: achd cara an fhir núaphósda, noch sheasas agus éisdeas ris, gabhuidh gairdeachus mór é tré ghuth an fhir núaphósda: ar a nadhbharsin atá mó gháirdeachusa ar na choimhliónadh.

30. As éigean dosan breisadh, agus damhsa laghdughadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 3