Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 21:4-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Agus a núair tháinig an mhaidin, do sheas Iósa ar an dtráigh: gidheadh níor aithnigheadar na deisciobail gurab é Iósa do bhi ann.

5. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, A chlann, an bhfuil bladh ar bith aguibh? Do fhreagradarsan é, Ní bhfuil.

6. Agus a dubhairt seision riu, Teilgidh bhur lion ar an dtáobh ndeas don luing, agus do ghéubhtháoi. Uime sin do theilgeadar amach a lion, agus níor bhéidir léo ar ghléus ar bith a tharruing a steach lé híomad éisg.

7. Ar a nadhbharsin an deisciobal do bionmhuin lé Híosa a dubhairt sé ré Peadar, A séan Thighearna atá ann. Uime sin an tan do chúalaídh Síomón Peadar gurab é an Tighearna do bhí ann, do chuir sé éudach uime, (óir do bhí se nochduighthe,) agus do theilg sé é féín sa bhfairge.

8. Agus tangadar an chuid eile do na deisciobluibh a luing bhig, (óir níor bhfada óthir do bhadar, achd a dtimcheall dhá chéud bánnlamh,) ag tarruing an lín eisg.

9. Agus mar thangadar a dtír, do chunncadar gríosach, agus íasg ar na chuir uirrthe, agus arán.

10. A dubhairt Iósa riu, Tabhraidh libh cuid don íasg do gabhabhair a nois.

11. Do chuáidh Síomón Peadar súas, agus do tharruing sé an lion a dtír lán díasguibh mora, céud trí héisg dhéug agus dá fhichiot: agus gé do bhí a noirid sin ann, níor briseadh an lion.

12. A dubhairt Iósa ríu, Taguidh ithidh bhur ndínéur. Agus níor lamh áon do na deisciobluibh a fhíafruighe dhe, Cía thusa? do bhrígh gur aithnigheadar gurab é an Tighearna é.

13. Uime sin tháinig Iósa, agus do ghlac sé arán, agus tug sé dhóibhsean é, agus íasg mar an gcéudna.

14. A sé so a nois an treas uáir do thaisbén Iósa é féin dá dheisciobluibh, tart éis a éiséirghe ó mharbhuibh.

15. Ann sin ar nithe a ndinéir dhóibh, a dubhairt Iósa ré Síomon Peadar, A Shíomoin, mhic Ióna, a nans leachd misi ná léo so? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna; atáa fhios agadsa gur ab ionnmhuin liom thu. A dubhairt seision ris, Beathuidh muáin.

16. A dubhairt Iósa ris a rís an dara huáir, A Shíomóin, mhic Ióna, a nionmhuin leachd misi? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna, atá a fhios agadsa gur abionmhuin liom thú. A dubhairt Iósa ris, Beathuidh mo cháoirigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 21