Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 21:12-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. A dubhairt Iósa ríu, Taguidh ithidh bhur ndínéur. Agus níor lamh áon do na deisciobluibh a fhíafruighe dhe, Cía thusa? do bhrígh gur aithnigheadar gurab é an Tighearna é.

13. Uime sin tháinig Iósa, agus do ghlac sé arán, agus tug sé dhóibhsean é, agus íasg mar an gcéudna.

14. A sé so a nois an treas uáir do thaisbén Iósa é féin dá dheisciobluibh, tart éis a éiséirghe ó mharbhuibh.

15. Ann sin ar nithe a ndinéir dhóibh, a dubhairt Iósa ré Síomon Peadar, A Shíomoin, mhic Ióna, a nans leachd misi ná léo so? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna; atáa fhios agadsa gur ab ionnmhuin liom thu. A dubhairt seision ris, Beathuidh muáin.

16. A dubhairt Iósa ris a rís an dara huáir, A Shíomóin, mhic Ióna, a nionmhuin leachd misi? A dubhairt seision ris, A seadh, a Thighearna, atá a fhios agadsa gur abionmhuin liom thú. A dubhairt Iósa ris, Beathuidh mo cháoirigh.

17. A dubhairt sé ris an treas uáir, A Shíomóin, mhic Ióna, a nionmhuin leachd misí? Do ghabh doilgheas Peadar do bhrígh go ndubhairt sé ris, A Thighearna, atáfios na nuile neither agadsa; atá a fhios agad gur ab ionmhuin leam thú. A dubhairt Iósa ris, Beathuidh mo cháoirigh.

18. Go deimhin, deimhin, a deirim riot, An tan do bhí tú ní as óige, do churthá féin do chrios thort, agus do chiúbhaltá mar a dtogarthá féin: achd an tan bhías tú arrsuidh, sínfe tú do lámha amach, agus cuirfe duine eile do chrios thort, agus tréoróchaidh sé thú, a náit nach áill leachd.

19. Agus a dubhairt sé so, Dhá fhoillsiúghadh créd í an ghné bháis réa dtiobhradh se glóir do Dhía. Agus ar na rádh so dhó, a dubhairt sé ris, Lean misi.

20. Agus ar bhfilleadh do Pheadar air ais, do chunnairc sé an deisciobal do bionmhuin lé Híosa dhá leanmhuin; an té do luigh a nuchd Iósa ar a shuipér, agus a dubhairt, A Thighearna, cía bhraithfeas tu?

21. An tan do chunnairc Peadar eision a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cred dhéanas an fear so?

22. A dubhairt Iósa ris, Má símo thoílse eision dfanmhuin go ttiuca mé, créd é sin duitse?

23. Uime sin do chuáidh an rádh so amach a measg na ndearbhráithreach, nach bhfuigheadh an deisciobal sin bás: gidheadh ní dubhairt Iósa ris, Ní bhfuighe sé bás; achd, Má sí mo thoillse eision dfanmhuin go ttiuca mé, créd é sin, duitse?

24. A sé an deisciobal so do ní fínné do na neithibhse, agus do sgriobh na neithese: agus atáa fhios aguinn gur fíor a fhíadhnuisi.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 21