Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 21:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Na diáigh so do thais bé Iósa é féin a rís dá dheisciobluibh ag fairrge Thibérias. Agus as mar so do thaisbéin sé é féin.

2. Do bhí Síomón Peadar, agus Tomás da ngoirthear Didimus, agus Natanáel ó Chána ná Galilé, agus clan Shebedéi, agus días eile dhá dheisciobluibh a bhfochair a chéile.

3. A dubhairt Síomón Peadar ríu, Atáim ag dul diasgaireachd, A dubhradarsan rís, Rachmáoidne leach mar an gcéudna. Do imthigheadar rompá, agus do chúadar ar a mball a luing; agus níor ghabhadar ní ar bith a noidhche sin.

4. Agus a núair tháinig an mhaidin, do sheas Iósa ar an dtráigh: gidheadh níor aithnigheadar na deisciobail gurab é Iósa do bhi ann.

5. Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, A chlann, an bhfuil bladh ar bith aguibh? Do fhreagradarsan é, Ní bhfuil.

6. Agus a dubhairt seision riu, Teilgidh bhur lion ar an dtáobh ndeas don luing, agus do ghéubhtháoi. Uime sin do theilgeadar amach a lion, agus níor bhéidir léo ar ghléus ar bith a tharruing a steach lé híomad éisg.

7. Ar a nadhbharsin an deisciobal do bionmhuin lé Híosa a dubhairt sé ré Peadar, A séan Thighearna atá ann. Uime sin an tan do chúalaídh Síomón Peadar gurab é an Tighearna do bhí ann, do chuir sé éudach uime, (óir do bhí se nochduighthe,) agus do theilg sé é féín sa bhfairge.

8. Agus tangadar an chuid eile do na deisciobluibh a luing bhig, (óir níor bhfada óthir do bhadar, achd a dtimcheall dhá chéud bánnlamh,) ag tarruing an lín eisg.

9. Agus mar thangadar a dtír, do chunncadar gríosach, agus íasg ar na chuir uirrthe, agus arán.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 21