1. Agus an céd lá don tseachdmhuin tháinig Muire Mhagdalén ar maidin, ann sa dorchadas, chum an túamá, agus do chunnairc sí an lea car na tógbháil ó túama.
2. Uime sin do rioth sí, agus tháinig sí mar a raibh Síomón Peadar, agus an deisciobal eile, noch dob ionmhuin lé Híosa, agus a dubhairt sí ríu, Rugadar an Tighearna léo as an dtúama, agus ní bhfuil a fhios aguinn g háit ar chuireadar é.
3. Ar a nadhbharsin do chúaidh Peadar, agus an deisciobal eile sin amach, agus tangadar chum an túama.
4. Agus do ritheadar aráon a néinfheachd: achd bá lúaithe do rioth an deisciobal eile ná Peadar, agus tháinig sé ár tús chum an túama.
5. Agus ar gcromadh a sdeach dhó, do chunnairc sé linéadach na luidhe; gidheadh ni dheachuidh sé a steach.
6. Ann sin tháinig Síomón Peadar na dhiáighsean, agus do chuáidh sé a sdeach sa túama, agus do chúnnairc sé linéudach na luidhe,
7. Agus an náipcin, do bhí uimá cheann, ní bhfochair an línéadaigh, achd air leith ar na fhilleadh air a chéile a náon áit amháin.