9. Agus mar do bhlais úachdarán an fhéusda an tuisge do bhí déunta na fhíon, (agus ní raibh a fhios aige créd as a dtáinic sé: achd do bhi a fhios ag an luchd friothóilmhe do tharraing an tuisge;) do ghoir úachdarán an fhéusda an fear núaphósda chuige,
10. Agus a dubhairt sé ris, Cuiridh gach uile dhuine an fíon maith amach ar tús, agus an tan ibhid dáoine a sáith, ann sin an fíon as measa: achd do choimhéud tusa an fíon maith gus a nois.
11. As é so tosach míorbhuile do rinne Iósa a Gcána na Galilé, agus dfoillsigh sé a ghloír féin; agus do chreideadar a dheisciobail ann.
12. Na dhíaigh sin dó chúaidh sé síos go Capernáum, é féin, agus a mháthair, agus a dhearbhráithreacha, agus a dheisciobail: achd níor fhanadar ann mórán do laéthibh:
13. Oír do bhí cáisg na Niúdaigheadh a bhfogus, Agus do chúaidh Iósa súas go Hierusalém.
14. Agus fuáir sé ann sa teampall luchd reactha damh agus cáorách agus colum, agus luchd malarta an airgid na suidhe:
15. Agus ar ndéunamh sgíursa dhó do chórduighibh caola, do chuir sé amach as a teampoll iád uile, maillé ré na gcáorchaibh, agus ré na ndamhuibh; agus do dhóirt sé amach ionnmhus luchd an airgid, agus do leag sé a mbuird air lár.
16. Agus a dubhairt sé ré luchd reactha an gcolam, Tóguidh iád sin as so, ná déunuidh tigh Mátharsa na thigh ceannuigheachda.
17. Agus do chuimhnigheadar a dheisciobailsean go raibh sgriobhtha, Duáidh éud do thighesi súas mé.
18. Ar a nadhbharsin do fhreagradar na Iúdaidhe, agus a dubhradar ris, Créd é an comhartha thaisbéanas tú dhúinn, fá ndéunann tú na neíthesi?
19. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé riú, Leagaidh síos an teampoll so, agus tóigéubhuidh misi é a dtrí láethibh.
20. Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iuduidhe, Sé bliadhna agus dá fhichead do bhí an teampall so dhá dhéunamh, agus an dtoigéubha tusa a dtrí láethibh é?
21. Achd is air theampoll a chuirp féin do labhair seision.