20. Ar a nadhbharsin a dubhradar na Iuduidhe, Sé bliadhna agus dá fhichead do bhí an teampall so dhá dhéunamh, agus an dtoigéubha tusa a dtrí láethibh é?
21. Achd is air theampoll a chuirp féin do labhair seision.
22. Ar a nadhbharsin an tan do éirigh sé ó mharbhaibh, do chuimhnigheadar a dheisciobail go ndubhairt sé so ríu; agus do chreideadar don sgriobtuir, agus do bhréithir a dubhairt Iósa.
23. Agus ar mbeíth a Niérusalém dhó fá cháisg, lá an fhéusda, do chreideadar mórán an ainmsean, ag faicsin na gcomharthadh do rinne sé.
24. Achd ní tháobhadh Iósa é féin riú, tré gur aithin sé iád uile,
25. Agus tré nach raínig sé a leas neach ar bith do dhéunamh fiádhnuisi air dhuine: oír do bhí a fhios aige féin créd do bhí ann sa duine.