Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 2:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Agus an treas lá do rinneadh pósadh ag Cána na Galilé; agus do bhí máthair Iósa ann:

2. Agus do goireadh Iósa fós agus a dheisciobail, chum an phósda,

3. Agus an tan do thréig fíon, a dubhairt máthair Iósa ris, Ní bhfuil fíon aca.

4. A dubhair Iósa ría, Créud é sin damhsa na dhuitse, a bhean? Ni tháinic múairse fós.

5. A dubhairt a mháthair ris an luchd friothóilmhe, Gidh bé ní déara sé ribh, déunaigh é.

6. Agus do bhádar sé soithighe cloiche ar na gcur ann sin, do réir ghnáthaighe ghlanta na Níudaigheadh, dhá fheircín nó a trí do ghlacadh gach áon aca.

7. A dubhairt Iósa riú, Liónaidh na soithighe so duisge. Agus do líonadar iád go soithe mbrúachaibh.

8. Agus a dubhairt sé riu, Tairrngidh a nois, agus beiridh chum úachdaraín an fhéusda é. Agus rugadar.

9. Agus mar do bhlais úachdarán an fhéusda an tuisge do bhí déunta na fhíon, (agus ní raibh a fhios aige créd as a dtáinic sé: achd do bhi a fhios ag an luchd friothóilmhe do tharraing an tuisge;) do ghoir úachdarán an fhéusda an fear núaphósda chuige,

10. Agus a dubhairt sé ris, Cuiridh gach uile dhuine an fíon maith amach ar tús, agus an tan ibhid dáoine a sáith, ann sin an fíon as measa: achd do choimhéud tusa an fíon maith gus a nois.

11. As é so tosach míorbhuile do rinne Iósa a Gcána na Galilé, agus dfoillsigh sé a ghloír féin; agus do chreideadar a dheisciobail ann.

12. Na dhíaigh sin dó chúaidh sé síos go Capernáum, é féin, agus a mháthair, agus a dhearbhráithreacha, agus a dheisciobail: achd níor fhanadar ann mórán do laéthibh:

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 2