Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 16:7-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Gidheadh a deirim a nfírinne ribh, Is é bhur leas misi imtheachd: óir muna nimthighe mé, ní thiocfa an Comhfhurthaightheóir chugaibh; achd má imthighim, cuirfidh mé chugaibh é.

8. Agus an tan thiocfas sé, aigeóraidh sé an domhan a dtáobh peacuidh, agus ceirté, agus breitheamhnuis:

9. A dtáobh peacuidh, ar son nach ccreidid síad ionnamsa.

10. Agus a dtáobh ceirte, do bhrígh go bhfuílim ag dul dionnsuighe Mathar, agus ní fhaicfidhesi mé so súas;

11. A dtáobh breitheamhnuis, ar son go bhfuil úachdarán an tsáoghailsi ar na dhamnughadh.

12. Atá mórán agam fós ré rádh ribh, achd ní fhéudtaói a niomchar a nois.

13. Achd an tan thiocfus seisean, Spiorad na fírinne, tréorochaidh sé sibh chum gach uile fhírinne: óir ní úadh féin laibhéoras sé; achd laibhéoruidh sé, na huile neithe chluinnfeas sé: agus foillséochuidh sé dhíbh na neithe atá chum teachda.

14. Do bhéura seisean glóir dhamhsa: óir dom chuidse ghlacfus sé, agus fhoillséochas sé dhíbhsi.

15. As leamsa na hule neithe atá ag a Nathair: ar a nadhbharsin a dubhairt mé, gur dom chuidse ghlacfus sé, agus fhoillséochas sé dhíbhsi.

16. Tamall beag, agus ní fhaicfe sibh mé: agus a rís tamall beag, agus do chífe sibh mé, óir atáim ag dul chum a Nathar.

17. Uime sin a dubhradar cuid dá dheisciobluibh ré chéile, Cred é so a deir sé rinn, Tamall beag, agus ní fhaicfidhe mé: agus a ris tamall beag, agus do chifidhe mé: agus, Oir atáim ag dul chum a Nathar?

18. Ar a nadhbharsin a dubhradar, Créd as cíall don ní so deir sé, Tamall beag? Ní thuigmíd créd a deir sé.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 16