Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 16:5-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus a nois atáim ag imtheachd chum an té do chuír úadh mé, agus ni fhíafruigheann éunduine aguibhse dhíom, Cá háit a dtéid tú?

6. Achd do bhrigh go ndubhairt mé na neithesi ribh, do lion dóbrón bhur gcroidhthe.

7. Gidheadh a deirim a nfírinne ribh, Is é bhur leas misi imtheachd: óir muna nimthighe mé, ní thiocfa an Comhfhurthaightheóir chugaibh; achd má imthighim, cuirfidh mé chugaibh é.

8. Agus an tan thiocfas sé, aigeóraidh sé an domhan a dtáobh peacuidh, agus ceirté, agus breitheamhnuis:

9. A dtáobh peacuidh, ar son nach ccreidid síad ionnamsa.

10. Agus a dtáobh ceirte, do bhrígh go bhfuílim ag dul dionnsuighe Mathar, agus ní fhaicfidhesi mé so súas;

11. A dtáobh breitheamhnuis, ar son go bhfuil úachdarán an tsáoghailsi ar na dhamnughadh.

12. Atá mórán agam fós ré rádh ribh, achd ní fhéudtaói a niomchar a nois.

13. Achd an tan thiocfus seisean, Spiorad na fírinne, tréorochaidh sé sibh chum gach uile fhírinne: óir ní úadh féin laibhéoras sé; achd laibhéoruidh sé, na huile neithe chluinnfeas sé: agus foillséochuidh sé dhíbh na neithe atá chum teachda.

14. Do bhéura seisean glóir dhamhsa: óir dom chuidse ghlacfus sé, agus fhoillséochas sé dhíbhsi.

15. As leamsa na hule neithe atá ag a Nathair: ar a nadhbharsin a dubhairt mé, gur dom chuidse ghlacfus sé, agus fhoillséochas sé dhíbhsi.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 16