Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 16:20-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go nguilfidhe agus go gcáoinfidhe, agus go ndéana an sáoghal gáirdeachus: achd beithísi dóbrónach, gidheadh fillfidhear bhur ndóbhrón a ngáirdeachus.

21. Ag breithe leinibh do mhnáoi, bí sí a bpéin, óir tháinig a huáir: achd tar éis leinibh do bhreith dhi, ní chuimhnigheann sí a doilgheas ní as foide, lé gairdeachus go rugadh duine chum an tsáoghuil.

22. Agus sibhsi mar an gcéadna atáthaoi a nois go dóbrónach: gidheadh do chífe mé a ris sibh, agus do dhéunaid bhur gcroidhe gáirdeachus, agus ní bhéura éunduine bhur ngairdeachus uáibh.

23. Agus ann sa ló sin ní fhifróchtháoi éinní dhíomsa. Go deimhín, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé ar bith neither íarruidhe ar a Nathair a mainmsi, do bhéura sé dhíbh é.

24. Go nuige so níor íárrabhair ní ar bith mainmsi: íarruidh, agus do ghéubhtháoi, ionnus go mbíadh bhur ngáirdeachus lán.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 16