Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 16:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A dubhairt mé na neithesi ribh, deagla go bhfuigheadh sibh oilbhéim.

2. Cuirfid síad as na sínagóguibh sibh: agus fós, tig a nuáir, gidh bé mhuirfeas sibh go mbhreathnócha sé go ndéanann sé seirbhis do Dhía.

3. Agus do dhéunuid síad na neithe so ribh, ar son nach aithne dhóibh an Tathair, ná misi.

4. Achd do labhuir mé na neithe so ribh, ionnus an tan thiocfas an uáir, go gcuimhnéochadh sibh gur innis mé dhíbh íad. Gidheadh níor innis mé dhíbh íad, do bhrigh go raibh mé féin aguibh.

5. Agus a nois atáim ag imtheachd chum an té do chuír úadh mé, agus ni fhíafruigheann éunduine aguibhse dhíom, Cá háit a dtéid tú?

6. Achd do bhrigh go ndubhairt mé na neithesi ribh, do lion dóbrón bhur gcroidhthe.

7. Gidheadh a deirim a nfírinne ribh, Is é bhur leas misi imtheachd: óir muna nimthighe mé, ní thiocfa an Comhfhurthaightheóir chugaibh; achd má imthighim, cuirfidh mé chugaibh é.

8. Agus an tan thiocfas sé, aigeóraidh sé an domhan a dtáobh peacuidh, agus ceirté, agus breitheamhnuis:

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 16