Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 15:3-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. A nois atá sibh glan treas an mbréithir do labhair mé ribh.

4. Fanuidh ionnamsa, agus misi ionnuibhsi. Amhail as nach bhféudann an ghéug toradh do thabhuirt uáithe féín, muna bhfana sí sa bhfíneamhuin; is mar sin ní fheudfa sibhse fós, muna bhfantaói ionnamsa.

5. As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.

6. Gidh be nach bhfanfa ionnamsa, teilgfithear amach é mar géig, agus críonfuidh sé; annsin chruinnighid daoine, agus cuirid sa teinigh íad, agus loisgthear íad.

7. Má fhanann sibh ionnamsa, agus má fhanuid mo bhríathrasa ionnuibhse, íarruidh gach ní bhus áill libh, agus do dhéuntar dhaóibh é.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 15