Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 15:16-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Ní sibhsi do thog misi, achd misi do thogh sibhsi, agus do chuir mé sibh, ionnus go nimtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go bhfanfadh bhur dtoradh: ar chor gidh bé ní íarrfuidhe a mainmsi ar a Nathair, go dtiobhradh se dhibh é.

17. Aithnighim na neithesi dhíbh, do chum grádha do bheith aguibh féin dá chéile.

18. Má fhúathuigheann an sáoghal sibh, bíodh a fhios aguibh gur fhúathaigh sé misi romhuibh.

19. Da mádh don tsáoghal sibh, do ghraidhéochadh an sáoghal a chuid féin: gidheadh ar son nach don tsáoghal sibh, achd gur thogh misi sibh as a tsáoghal, ar a nadhbharsin atá fúath ag an tsáoghal daóibh.

20. Cuimhnighidh ar an mbreithir a dubhairt mé ribh, Ní mó an searbhfhoghantaidh ná a mhaighisdir. Má ghérleanadar misi, gérleanfuid sibhsi mar an gcéudna; má choimhéudadar mo bhríatharsa, coimhéudfuid bhur mbriatharsa mar an gcéadna.

21. Achd do dhéunuid síad na neithesi uile ribh ar son manmasa, do bhrigh nach bhfuil fios an tí ó a dtáinig mé aca.

22. Muna bheith go dtáinig mé agus gur labhuir mé ríu, ní bhíadh peacadh orra: achd a nois ní bhfuil leisgéul a bpeacuidh aca.

23. Gidh bé agá bhfuil fúath dhámhsa, fúathuighidh sé Mathair mar an gcéadna.

24. Muna dhéarnuinn oibreacha na measg nach dearna neach ar bithe eile, ní bhíadh peacadh orra: achd a nois do chunncadar agus fós do fhúathuigheadar misi, agus Mathair.

25. Achd do rinneadh so ionnus go gcoimhlíonfuidhe an rádh atá sgriobhtha ann a ndligheadh féin. Do fhúathaigheadar mé gan adhbhar.

26. Achd an tan thiocfas an Comhfhurtuightheóir noch chuirfeas misi chugaibh ón Athair, Spiorad na firinne, thig ón Athair, do dhéuna sé fiadhnuisi am thimcheallsa:

27. Agus do dhéuntaoísi fíadhnuisi leis, óir atáthaói ma fhochuir ó thus.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 15