Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 14:12-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé chreidéas ionnamsa, do dhéuna se na hoibreacha nímsi; agus do dhéuna sé oibreacha as mó ná íad; oir atáimsi ag dul dionsuighe Mathar.

13. Agus gidh bé ní íarrfuidhe am ainmsi, do dhéuna misi sin: do chum go ndéanfaidh an Tathair glórughadh ann sa Mhac.

14. Má íarrthaói ní ar bith a mainmsi, do dhéuna misi é.

15. Más ionmhuin libh misi, coimhéuduidh maitheanta.

16. Agus guidhfidh misi an Tathair, agus do bhéura sé Comhfhurtuifhtheóir eile dhaóibh, ionnus go bhfanfadh sé bhur bhfochair go bráth;

17. Spiorad na fírinne; noch nach bhféudan an sáoghal do ghabháil, ar a nadhbhar nach bhfaiceann sé é, agus nach aithnigheann sé é: achd aitheantaóisi é; óir fanuidh sé aguibh, agus biaidh sé ionnuibh.

18. Ní bhfuigfe mé bhur ndílleachduibh sibh: tiucfa mé chugaibh.

19. Tamall beag fós, agus ní fhaicfe an sáoghal feasda mél achd do chífidhísi mé: do bhrígh go bhfuilimsi béo, beithisi béo mar an gcéadna.

20. An sa lá sin áitheontaói go bhfuilímsi sa Nathair, agus sibhsi ionnama, agus misi ionnuibhsi.

21. Gidh bé agá bhfuilid maitheantasa, agus choimhéadas íad, as é sin ghrádhuigheas misi: agus gidh be ghrádhuigheas mise gráidhéochaidh Mathair eisean, agus gráidhéochuidh misi é, agus foillseochad mé féin dó.

22. A dubhairt Iudás ris, ní hé Iscariot, A Thighearna, créd é an tadhbhar fá dtaisbéantá thú féin dúinne, agus ní do tsáoghal?

23. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Gidh bé ghrádhuifheas misi, coimheudfuidh sé mo bhriathar: agus gráidheochuidh Mathair é, agus tiocfamaóid chuige, agus do dhéunam comhnuidhe aige.

24. Gidh bé nach grádhuigheann misi ní choimhéudann sé mó bhríathra: agus an bhriathar do chúalabhair ní leamsa í, achd leis a Nathair do chuir úadh mé.

25. A dubhairt mé na neithesi ribh, air mbeith am chomhnuidhe aguibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 14