Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 13:32-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

32. Má atá Día ar na ghlórughadh annsan, do bhéara Día glóir dhósan ann féin mar an gcéudna, agus do bhéura sé glóir dhó ar an mball.

33. A chlann bheag, atáim fós seal beag bhur bhfarradh. Iarrfuidhe mé: gidheadh már a dubhairt mé ris na Iúduidhibh, Gidh bé áit a dtéighimsi, ní fhéudfáoisi theachd ann; is mar sin a deirim ribhsi a nois.

34. Do bheirim áithne núa dhíbh, Grádhuighe a chéile; mar do ghrádhuigh misi sibhsi, grádhuighidh féin a chéile amhluidh sin.

35. Air so aithéonaid na huile dháoine gur deisciobail dhamhsa sibh, má bhíonn grádh aguibh féin dá chéile.

36. A dubhairt Siomón Peadar ris, A Thighearna, gá háit a dtéid tú? Do fhreaguir Iósa é, Mar a dtéighimsi, ni fheudann tusa a nois mo leanmhuin; gidheadh leanfuidh tú mé na dhiáigh so.

37. A dubhairt Peadar ris, A Thighearna, créud fá nach bhféaduim do leanmhuin a nois? Cuirfidh mé manam ar do shon.

38. Do fhreagair Iósa é, An gcuirfe tú thanam ar mo shonsa? Go deimhin, deimhin, a deirim riot, Ní ghoirfe an coileach suil shéanfas tú mé trí huáire.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 13