Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 13:10-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. A dubhairt Iósa ris, Gidh bé atá nighte ní bhfuil duireasbhuidh air achd a chosa nighe, achd atá sé glan uile: agus atá sibhsa glan, gidheadh ní bhfuilti uile glan.

11. Oír do bhí a fhios aige cía bhraithfeadh é; uime sin a dubhairt sé, Ní bhfuiltí uile glan.

12. Ar a nadhbharsin tar éis a gcos dionnladh dhó, agus a bhruit do ghabháil uime, ar suidhe síos dhó a ris, a dubhairt sé ríu, An dtuigthí créd do rinne mé ribh?

13. Goirthísi Maighisdir agus Tighearna dhíomsa: agus as maith a deirthi sin; óir as mar sin atáim.

14. Ar a nadhbharsin, má díonnail misi atá am Thighearna agus am Mhaighisdir bhur gcosasa; as coir dháoibhsi mar an gceadna cosa chéile díonnladh.

15. Oír tug mé éisiomplair dháoibh, do chum go ndéanadh sibhsi, mar do rinne misi dháoibhsi.

16. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Ní mó an tóglach na a mhaighisdir; agus ní mó an teachdaire na an té do chuir úadh é.

17. Má thuigthí na neithesi, bía sibh beannaighe má níthí íad.

18. Ní labhruim oruibh uile: atá a fhios agum cía an dream do thogh mé: achd do chum go gcoimhlíonfuidhe an sgríobtúir, An té ata ag ithe aráin am fhochair, do thóg sé a sbál am aghaidh.

19. A nois deirim so ribh suil thiocfus sé chum críche, ionnas, an tan do dhéuntar é, go gceidfe sibh gur mé atá ann.

20. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Gidh bé ghabhus chuige an té chuirimse uáim gabhuidh sé misi chuige; agus gidh bé ghabus misi chuige gabhuidh sé an té chuir úadh mé chuige.

21. Ar na rádh so Díosa, do bhí sé buaidheartha na sbioraid, agus do rinne sé fínne, agus a dubhairt sé, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, go mbraithfi áon dáoibh misi.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 13