1. Agus roimh shollamáin na cásg, ar na aithe Díosa go dtáinig a uáir ann a rachadh sé as an tsáoghalsa chum a Nathar, ar ngrádhughadh a mhuinntire féin do bhí ar a tsáoghal, do ghradhuigh sé go deireadh íad.
2. Agus a ndíagh suipéir, (an tan do chuir an díabhal a gcoidhe Iúdáis Iscaríot, mhic Símóin, eisean do bhrath;)
3. Ar na aithne Diosa go dtug an Tahair na huile néithe fá ná lámhuibh, agus gur ab ó Dhía tháinig sé, agus gur chum Dé do bhí sé ag dul;
4. Déirigh sé ó shuipéir, agus do chuir sé a bhrat de; agus ar agabháil linéadaigh chuige, do cheanguil sé roimhe féin é.
5. Na dhiáigh sin do chuir sé uisge a mbáisín, agus do thionnsgain sé cosa a dheisciobal dionnladh, agus do thiormaghadh leis an línéadach do bhí fá na úchd.
6. Ann sin tháinig sé chum Siomóin Peadair: agus a dubhairt Peadar ris, a Thighearna, an bhfuil tusa ag ionnladh mo chosa sa?