Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 12:42-49 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

42. Achd fós do chreideadar mórán do na húachdaránuibh féin ann; achd ar son na Bhphairisineach níor admhuigheadar é, deagla go gcuirfidhe amach as an tsinagóig íad.

43. Oír dob annsa léo glóir na ndáoine, ná glóir Dé.

44. Agus do labhair Iósa do ghuth ard, agus a dubhairt se, Gidh bé chreideas ionnamsa, ní hionnamsa chreideas sé, achd ann sa té do chuir úadh mé.

45. Agus gidh bé chí misi do chí sé an té do chuir uadh mé.

46. Táinig mé mar sholus chum an tsáoghail, ionnus gidh bé chreideas ionnam nach déanadh sé comhnuidhe a ndorchadas.

47. Agus gidh bé neach éisdeas mo bhríathra, agus nach ccreidfe íad, Ní dháorfa misi é: óir ní tháinig mé do dhamnughadh an domhain, achd do shlánughadh an domhain.

48. Gidh bé dhíultus mé, agus nach gabhann chuige mo bhríathra, atá aige neach dháorus é: an bhríathar do labhair mé, as í dháorfus é sa ló deigheanach.

49. Oír níor labhair misi úaim féin, achd an Tathair ó dtáinig mé, tug sé áithne dhamh, créd as cóir dhamh aradh, agus creud as coir dhamh a labhairt.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 12