Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 12:29-42 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

29. Uime sin an drong, do bhi na seasamh a lathair, agus do chúaluidh so, a dubhradar gur toírrneach do bhi ann: a dubhairt cuid eile, Gur baingeal dolab hair ris.

30. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé, Ní arm o shonsa tháinig an gúthsa, achd ar bhur sonsa.

31. A nois atá breitheamhnus an tsáoghailsi a lathair: a nois teilgfidhear amach úachdarán an tsaoghailsi.

32. Agus misi, má thóghthar súas ón talamh mé, tairéongaidh mé a nuile dhuine chugam féin.

33. (Achd a dubhairt sé so, dha chur a gcéill créud í an ghné bháis do gheabhadh sé.)

34. Do fhreaguir an pobal é, Do chúalamairne ón dligheadh go bhfanann Críosd go siorraidhe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do thógbháil a nairde? Cía hé an Mac so an duine?

35. Uime sin a dubhairt Iósa ríu, Atá an solus bhur measg fós ar feadh tamuill bhig. Siubhlaidh an feadh bhías an solus aguibh, deagla go mbéuradh an dorchadus, oruibh: Oír gidh bé shiobhlus ann sa dorchadus, ní feas do gá háit a ngabhann sé.

36. An feadh atá an solus aguibh, creididh ann sa tsolus, do chum go madh clan don tsolus sibh. Do labhair Iósa na neithesi, agus ar nimtheachd dó, do fholuigh sé é féin úatha.

37. Agus ge do rinne sé a noirid so do mhíorbhailibh na bhfíadhnuisi, nior chreideadar ann:

38. Do chum go gcoimhlíonfuidhe briathar an fháidh Esaías, noch a dubhairt, A Thighearna, Cia chreid ar nglóirne? agus cía dár nochdadh lámh an Tighearna?

39. As uime sin nár fhéadadar creideamh, do bhrigh mar a dubhairt Esaías a rís,

40. Do dhall sé a súile, agus do chrúadhaigh sé a gcriodhe; deagla go bhfaicfidis lé na súilibh, agus go dtuigfidis lé na gcroidhthibh, agus go bhfillfidis, agus go sláineochuinn íad.

41. Do labhair Esaías na neithe so, and tan do chunnairc sé a ghlóirsean, agus do labhair sé na thimcheall.

42. Achd fós do chreideadar mórán do na húachdaránuibh féin ann; achd ar son na Bhphairisineach níor admhuigheadar é, deagla go gcuirfidhe amach as an tsinagóig íad.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 12