17. Uime sin do rinne an pobal do bhí na fharradh fíadhnuisi dhó, do bhrígh gur ghoir sé Lasarus as an uáigh, agus gur dhúisigh sé é ó mharbhuibh.
18. As tríd sin tháinig an pobal do theagmháil air, do bhrígh go ccúaladar go ndéarna sé an miorbhuilsi.
19. Ar a nadhbharsin a dubhradar na Phairisinigh eatarra féin, An bhfaicthí nach feirde dhíbh áon ní dhá ndéuntáoi? féuch, dimthigh an sáoghal na dhiáigh.
20. Agus do bhí dream áirighe do na Gréugachuibh a measg na muinntire do chúaidh súas do dhéanamh seirbhisí do Dhía san bhféusda:
21. Agus tangadar dionnsuighe Philib, noch do bhí ó Bhetsaida na Galilé, agus diarradar air, ag rádh, A mhaighistir as mían linn Iósa dfaicsin.
22. Táinig Philib agus dinnis sé Dhaindrías: agus a rís dinnís Aindrías agus Philib Díosa é.
23. Agus do fhreaguir Iósa íad, ag rádh, Tháinig an úair, ionnus go bhfuigheadh Mac an duine glóir.
24. Go deimhin, deimhin, a deirim ribh Muna bhfagha an gráinne cruithneachda thuiteas ann sa talamh bás, fanuidh sé na áonar: achd má gheibh sé bás, do bhéir sé toradh mór úadh.
25. Gidh bé ghrádhuigheas a anam féin caillfidh sé é; agus gidh bé fhuáthuigheas a anam féin ar an sáoghalso coimhéudfaidh sé é chum na beatha marthanuighe.
26. Gidh bé ní seirbhís damhsa, leanadh sé mé; agus mar a mbía misi, bíaidh mo sheirbhiseach ann mar an gcéadna: gidh bé dhéanas seirbhís damh, bhéura Mathair onóir dhó.
27. Atá manam buáidheartha a nois; agus créd a déura me? A Athair, sáor mé ó nuáirsi: achd as chuige so tháinig mé chum na huairesi.
28. A Athair, tabhair glóir dod ainm feín. Uime sin tháinig guth ó neamh, Tugas glóir, agus do bhéur glóir dhó a ris.
29. Uime sin an drong, do bhi na seasamh a lathair, agus do chúaluidh so, a dubhradar gur toírrneach do bhi ann: a dubhairt cuid eile, Gur baingeal dolab hair ris.
30. Do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé, Ní arm o shonsa tháinig an gúthsa, achd ar bhur sonsa.
31. A nois atá breitheamhnus an tsáoghailsi a lathair: a nois teilgfidhear amach úachdarán an tsaoghailsi.
32. Agus misi, má thóghthar súas ón talamh mé, tairéongaidh mé a nuile dhuine chugam féin.
33. (Achd a dubhairt sé so, dha chur a gcéill créud í an ghné bháis do gheabhadh sé.)