Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eóin 12:16-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Achd níor thuigeadar a dheisciobail na neither so ar tús: gidheadh an tan do ghlórughadh Iósa, ann sin do chuimhnigheadar go rabhadar na neithesi sgriobhtha air, agus go ndéarnadar na neithe so dhó.

17. Uime sin do rinne an pobal do bhí na fharradh fíadhnuisi dhó, do bhrígh gur ghoir sé Lasarus as an uáigh, agus gur dhúisigh sé é ó mharbhuibh.

18. As tríd sin tháinig an pobal do theagmháil air, do bhrígh go ccúaladar go ndéarna sé an miorbhuilsi.

19. Ar a nadhbharsin a dubhradar na Phairisinigh eatarra féin, An bhfaicthí nach feirde dhíbh áon ní dhá ndéuntáoi? féuch, dimthigh an sáoghal na dhiáigh.

20. Agus do bhí dream áirighe do na Gréugachuibh a measg na muinntire do chúaidh súas do dhéanamh seirbhisí do Dhía san bhféusda:

21. Agus tangadar dionnsuighe Philib, noch do bhí ó Bhetsaida na Galilé, agus diarradar air, ag rádh, A mhaighistir as mían linn Iósa dfaicsin.

Léigh chaibidil críochnaithe Eóin 12